Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Márta 1842 Londain, England |
Bás | 22 Samhain 1921 79 bliana d'aois Well Walk, England (en) |
Áit adhlactha | Créamatóiriam Golders Green |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir, polaiteoir, cruicéadaí, aistritheoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Sóisialach Náisiúnta (1916–1921) Páirtí Sóisialach na Breataine (1911–1916) Social Democratic Federation (en) (1881–1911) |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Spórt | cruicéad |
Teaghlach | |
Céile | Rosalind Travers Hyndman |
Athair | John Beckles Hyndman |
Scríbhneoir agus polaiteoir Sasanach ab ea Henry Mayers Hyndman (7 Márta 1842 - 20 Samhain 1921).
Coimeádach a bhí ann ar dtús, ach d'iompaigh an Forógra Cumannach (scríofa ag Karl Marx agus Friedrich Engels ar iarratas an Chonartha Cumannach i Londain) é ar an sóisialachas agus sheol sé an chéad pháirtí polaitíochta den eite chlé sa Bhreatain, an Chónaidhm Dhaonlathach, ar a tugadh an Chónaidhm Dhaonlathach Shóisialta ina dhiaidh sin, i 1881.
Cé gur mheall an Chónaidhm seo radacaigh ar nós William Morris agus George Lansbury, de ghnáth, bhí míghnaoi ag daoine ar Hyndman mar dhuine tiarnúil, nach bhféadfadh a pháirtí a aontú. Ina ainneoin sin, ba é Hyndman an chéad údar a mheall aird an phobail ar shaothair Marx i mBéarla.
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search